Irish traditional song lyrics — collected by Beer Belly Band.
Seal da rabhas im’ mhaighdean shéimh
‘S anois im’ bhaintreach chaite thréith
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is i n-imigcéin
‘Sé mo laoch, mo Ghile Mear
‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear
Bímse buan ar buaidhirt gach ló
Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón
Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh
Ó d’imthigh uaim an buachaill beó
Marcach uasal uaibhreach óg
Gas gan gruaim is suairce snódh
Glac is luaimneach, luath i ngleo
Ag teascadh an tslua ‘s ag tuargain treon
Seinntear stair ar chlairsigh cheoil
‘s líontair táinte cárt ar bord
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó
Chun saoghal is sláinte d’ fhagháil dom leómhan
Ghile mear ‘sa seal faoi chumha
‘s Eire go léir faoi chlócaibh dubha
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear
