BUACHAILL ÓN ÉIRNE

/ 5 (0 glasov)

Irish traditional song lyrics — collected by Beer Belly Band.

Buachaill ón Éirne mé’s bhréagfainn cailín deas óg
Ní fhiarfainn bó spré léi, táimse féin saibhir go leor
‘S liom Corcaigh dá mhéad é, is dhá thaobh a’ ghleanna, ‘s Tír Eoghain
‘S mura n-aithraigh mé béasa’s mé an t-aidhir ar chontae Mhuigheo

Rachfaidh mé amárach ag déanamh leanna fán choill
Gan coite, gan bád, gan gráinín breac ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh mar éadaigh leaba ós mo chionn
‘s óró sheacht m’anam déag thú, ‘s tú ag féachaint orm anall

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh
Ach ag imirt ‘s ag ól le h-ógmhná deasa ón sliabh
Má chaill mé mo stór, ní móide gur chaill mé mo chiall
Is ní mó liom do phóg ná an bhróg atáim ag caitheamh le bliain

A chúisle ‘s a stór, ná pós an seanduine liath
Ach pós an fear óg, mo leo, mura maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill gan uadh nó mac ós do chionn
A shílfeadh aon deor ort tráthnóna nó ar maidin go trom

← Nazaj na besedila

Oddaj komentar

Vaš e-naslov ne bo objavljen. * označuje zahtevana polja

Scroll to Top